Aontaíonn 59% gur cheart d’Éirinn a bheith páirteach i mbreis chomhoibriú cosanta agus slándála leis an AE
Baile Átha Cliath, 9 Bealtaine 2022: Léirigh torthaí mar chuid d’eagrán speisialta de phobalbhreith bliantúil Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn ‘Éire agus an AE’, mar chomóradh ar 50 ó vótáil muintir na hÉireann ar son ballraíochta den CEE, go bhfuil méadú 4% tagtha ar thacaíocht d’Éirinn a bheith mar bhall den AE ó phobalbhreith 2021, go 88%. Foilsíodh torthaí na pobalbhreithe seo inniu, 50 bliain ó vótáil 83% de mhuintir na hÉireann i bhfabhar dul isteach sa CEE ar an 10 Bealtaine 1972. Fuarthas amach i bpobalbhreith 2022, a rinne RED C Research ar son Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn, gur aontaigh 79% de dhaoine go raibh tionchar dearfach ag ballraíocht san AE ar a saolta pearsanta, ar bhonn duine aonair.
Tar éis ionradh na Rúise ar an Ucráin, d’aontaigh 59% gur cheart d’Éirinn a bheith mar chuid de bhreis chomhoibriú cosanta agus slándála leis an AE. Chuaigh sé seo i méad ó 54% sa bhliain 2021.
D’aontaigh 76% de na daoine a ghlac páirt sa phobalbhreith go bhfuil tuiscint mhaith acu ar conas a oibríonn an AE, rud a théann in aghaidh coincheapanna a chloistear go rialto maidir le bearna eolais idir saoránaigh agus institiúidí an AE.
Ag trácht ar thorthaí na pobalbhreithe, dúirt Noelle O Connell, Stiúrthóir Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn,
“Is ábhar misnigh é inniu, ar Lá na hEorpa agus comóradh 50 bliain de bhallraíocht na hÉireann san AE, go ndeachaigh tacaíocht do bhallraíocht na hÉireann san AE i méid go 88%. Is féidir an tacaíocht leathan seo a fheiceáil freisin sa líon ard daoine a d’aontaigh go raibh tionchar dearfach ag an AE ar a saolta féin.
“Tá athrú tagtha le blianta anuas ar dhearcadh mhuintir na hÉireann ar chosaint agus comhoibriú slándála an Aontais Eorpaigh. Ó 2017 – 2019 bhí tacaíocht thart ar 58%, thit sé go 49% i 2020, chuaigh sé i méid ansin go 54% in 2021 agus d’ardaigh sé arís go 59% i mbliana. Cé go bhféadfaí leis an gcogadh san Úcráin a bheith mar chúis don mhéadú seo de thacaíocht, léiríonn na sonraí go bhfuil tuairimíocht ar an ábhar seo fós sách neamhchinnte i measc an phobail.
“Bíonn saoránaigh na hÉireann i gcónaí ar na daoine is dearfaí maidir le ballraíocht san AE i gcomparáid le Ballstáit eile. Mar sin féin, is féidir le rudaí a athrú go tapaidh. Nuair a dhéanaimid machnamh ar 50 bliain de bhallraíocht san AE, ní mór dúinn leanúint ar aghaidh ag obair chun an tacaíocht láidir seo a chothú agus a choinneáil in Éirinn sna blianta amach romhainn.
Le críochnú na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, tá sé ríthábhachtach go gcuirfear i bhfeidhm na moltaí a tháinig chun cinn ó rannpháirtíocht na mílte saoránach ar fud an AE agus go leantar leis an rannphartíocht ghníomhach sin bhunaigh an Chomhdháil amach anseo.”
Déanfaidh Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn an dara chuid de thaighde mar chuid de phobalbhreith ‘Éire agus an AE’ 2022 i rith an tsamhraidh agus foilseofar na torthaí ar fad i Meán Fómhair 2022.
Lean #EMIRedCPoll2022 chun tuilleadh eolais a fháil nó féach na torthaí uile anseo.
-Críoch-
Ceisteanna Preasa: Lisa Nic an Bhreithimh, Ceanasaí Cumarsáide agus Oideachais, Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn | 087 9503539 | r: lisa@europeanmovement.ie
Meáin shóisialta: twitter.com/emireland | facebook.com/emireland | linkedin.com/company/european-movement-ireland | instagram.com/europeanmovementireland/ | #EMIRedCPoll2022
Tuilleadh eolais faoi Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn: https://bit.ly/EMIGaeilge
Modheolaíocht (ó RED C Research): Léirítear anseo torthaí pobalbhreithe RED C, a choimisiúnaigh Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn chun tuairimí mhuintir na hÉireann a fháil ar raon ábhar a chaineann le caidreamh idir Éirinn agus an AE. Tá taighde na pobalbhreithe ‘Éire agus an AE’ na bliana seo á déanamh in dhá chuid, an chéad cheann le linn 18 – 23 Márta 2022, leagan speisialta chun comóradh a dhéanamh ar 50 bliain de ó vótáil muintir na hÉireann chun dul isteach sa CEE mí Bealtaine 1972. Déanfar an dara chuid den taighde i rith an tsamhraidh agus eiseofar é i bhfómhar na bliana 2022. Tá an dá cheann á dhéanamh i measc sampla ionadaíoch de 1,001 duine 18 mbliana d’aois agus níos sine ó áiteanna ar fud na tíre. Léadh sraith ráiteas amach agus d’iarr RED C ar fhreagróirí Aontú go Láidir, Aontú Beagán, Easaontú go Láidir nó Easaontú Beagán.
Torthaí uile faoi iamh agus le fáil ag http://bit.ly/EMIIrelandandtheEUPoll
Torthaí suntasacha:
- Aontaíonn 88% gur cheart d’Éirinn fanacht ina ball den AE; easaontaíonn 7%; Níl a fhios ag 5%.
- Creideann 79% go raibh tionchar dearfach ag ballraíocht na hÉireann san AE ar a saolta féin.
- Deir 76% go bhfuil tuiscint mhaith acu ar conas a oibríonn an AE.
- Aontaíonn 59% gur cheart d’Éirinn tacú le breis comhoibriú cosanta agus slándála leis an AE.