Baile Átha Cliath, 21 Aibreán 2021: Léirigh pobalbhreith bhliaintiúil Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn gur mhaith le líon seasmhach daoine, 84%, go bhfanfadh Éire san AE ach nach bhfuil muiníona ach ag 45% de mhuintir na hÉireann as Stráitéis Vaicsíní an AE
Tar éis bliana de mhionscrúdú ar chúram sláinte agus polasaithe sláinte, ar bhonn náisiúnta agus Eorpach, dúirt 35% de dhaoine go bhfuil siad i bhfábhar níos mó cumhachta a bheith ag an AE ar chúram sláinte fiú má chailltear roinnt cumhachta ar bhonn náisiúnta.
Nach mór ceithre mhí ó aontaíodh Comhaontú Trádála agus Comhoibrithe an AE-Ríocht Aontaithe, dúirt níos lú ná trian de dhaoine, 32% go gceapann siad go mbeidh Éire aontaithe san AE sna deich mbliana amach romhainn, an líon céanna a léirigh an tuairim chéanna i 2020. Cuireadh ceist cosúil leis seo sa bhliain 2018 inár aontaigh 44% go mbeadh Éire aontaithe i ndiaidh na Breatimeachta, agus arís i 2019, nuair a dúirt 50% amhlaidh.
Dúirt 71% gur cheart go ndéanfadh an tAE níos mó chun ardáin na mean digiteacha a rialú, agus dúirt 34% go bhfuil an tAE ag déanamh go leor chun dul i ngleic leis an athrú aeráide.
Thacaigh 29% le breis imeascadh polaitaíochta agus eacnamaíochta fiú má chaileann ballstáit cumhacht ar bheartais eacnamaíochta, an chain san áireamh. Sa bhliain 2020, d’easantaigh 51% gur cheart go bhfaighfí réidh le cumhacht crosta Éireann san AE agus ligean do bhallstáit cinntí cánach a dhéanamh trí vóta an mhórlaigh
Ó thaobh todhchaí na hEorpa de, mheas 53% go bhfuil an tAE ag dul sa treo ceart agus d’aontaigh 52% gurb é seo an uair cheart chun Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa chun an tAE a athriar a dhéanamh, fiú má bhíonn reifreann in Éirinn dá bharr.
Ar deireadh, léirigh líon ard daoine (77%) tacaíocht maidir le maoiniú ón AE a bheith nasctha le prionsabail riail an dlí.
Ag trácht ar thorthaí na pobalbhreithe, dúirt Noelle O Connell, Stiúrthóir Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn
“Tá tacaíocht do bhallraíocht Éireann san AE fós ard ag 84%, ach dúirt 53% de dhaoine go gceapann siad go bhfuil an tAE ag dul sa treo ceart, mar sin tá obair le déanamh má táimid ag iarraidh an tacaíocht láidir seo a choinneáil sna blianta amach romhainn.
“Ó thaobh na paindéime de, is léir an chonspóid maidir le Strátéis Vaicsíní an Aontais san fhigiúr de 45% ag léiriú tacaíochta don Strátéis.
“Léiríonn an phobalbhreith go leor staitisticí ar ábhair fhíorthábhachtach dúinn i nGluaiseacht na hEorpa agus do lucht déanta beartais sa mbaile agus sa Bhruiséil. Pléifear na hábhair seo ar fad mar chuid den Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a sheolfar go hoifigiúil ar an 9 Bealtaine 2021.”
Beidh imeacht ar líne inniu ag 11.30rn chun anailís chuimsitheach a dhéanamh ar na torthaí leis an Dr Kathryn Simpson ó Manchester Metropolitan University agus Noelle O Connell, Stiúrthóir Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn. Déanfaidh Shona Murray ó Euronews an plé a mhódhnú. Lean #EMIRedCPoll2021 le haghaidh tuilleadh eolais. Le freastal ar an imeacht anailíse seol rphost chuig Lisa Nic an Bhreithimh, nó féach anseo.
Nóta: Tá urlabhraithe Gaeilge ar fáil le hagallaimh a dhéanamh leis na meáin Gaeilge.
-Críoch-
Ceisteanna Preasa: Lisa Nic an Bhreithimh, Ceanasaí Cumarsáide agus Oideachais, Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn | 087 9503539 | r: lisa@europeanmovement.ie
Meáin shóisialta: twitter.com/emireland | facebook.com/emireland | linkedin.com/company/european-movement-ireland | instagram.com/europeanmovementireland/ | #EMIRedCPoll2021
Tuilleadh eolais faoi Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn: https://bit.ly/EMIGaeilge
Methodology (ó RED C): The poll was carried out by RED C Research between the dates 19 – 25 March 2021 among a representative sample of 1,003 people aged 18 and over. An online panel, chosen randomly, were asked by RED C to Agree Strongly / Slightly, or Disagree Strongly / Slightly. Our results are grouped in the categories Agree, Disagree and Don’t Know;
Torthaí uile le fáil ag http://bit.ly/EMIIrelandandtheEUPoll