Le heisiúnt láithreach
Connacht/Ulaidh (ar líne), 28 Iúil 2021: Tháinig daoine ó áiteanna ar fud Cúigí Connachta agus Uladh le chéile Déardaoin, an 24 Meitheamh i mbun plé ar líne le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn mar chuid den Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa atá ar bhun faoi láthair timpeall na hEorpa chun dúshláin agus tosaíochtaí d’Aontas na hEorpa san am amach romhainn a phlé.
I rith an phlé, labhair daoine faoi na mórábhair ina saolta féin, ina gceantair féin agus don Eoraip tar éis paindéim Covid-19 agus na Breatimeachta – cúram sláinte, an t-athrú aeráide, geilleagar an Aontais Eorpaigh agus athruithe leis an teicneolaíocht digiteach san áireamh.
D’éiligh na rannphártaithe fáil forleathan ar chúram sláinte do gach saoránach, go háirithe iad siúd atá i bpriacal. Chomh maith leis sin, d’ardaigh an dream a bhí i láthair an tionchar damáisteach atá déanta agus á dhéanamh ag an mBreatimeacht ar shaolta daoine ar fud Cúige Uladh, agus ar fud na hÉireann trí chéile. Ardaíodh ceist an Acht Teanga agus cearta teanga dóibh siúd i dTuaisceart Éireann agus dúirt daoine go mbeadh tuilleadh cúnaimh agus tacaíochta de dhíth ón Aontas Eorpach do mhuintir na hÉireann anois – ó thaobh cúrsaí dlí, cúrsaí eacnamaíochta agus cúrsaí polaitíochta de.
Dúirt Stiúrthóir Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn, Noelle O Connell, “Tugann imeachtaí cosúil leis seo, mar chuid den Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, deis do dhaoine ó gach cearn den tír a gcuid tuairimí a nochtadh i leith ár dtodhchaí mar thír san Aontas Eorpach, tar éis na Breatimeachta agus an dochar a rinne Covid-19 ar go leor gnéithe dár saolta. B’iontach an rud é daoine a bheith i láthair ag an imeacht seo as contaetha ar fud an dá chúige agus táimid ag súil le leanúint linn, i mbun cainte le daoine timpeall na tíre faoina mianta féin do thodhchaí na hEorpa de réir mar a leanann an próiseas seo ar aghaidh. Deis thráthúil é seo dúinn ar fad dúshláin agus tosaíochtaí na hEorpa a phlé agus a chur os comhair an Aontas Eorpach. Is cúis dóchais é go bhfuil gealltanas tugtha ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún Eorpach éisteacht le muintir na hEorpa agus obair a dhéanamh ar a moltar. ‘Is muidne an todhchaí’ mar a deirtear ardán an Chomhdhála.”
Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta agus Leas-Ardrúnaí le Conradh na Gaeilge a ghlac páirt sa phlé, “Bhí sé thar a bheith spéisiúil páirt a ghlacadh sa phlé seo agus éisteacht leis na tuairimí ar fad a bhí ag teacht chun cinn ar na mórcheisteanna a bhí faoi chaibidil faoin treo ar mhaith linn go mbeadh an tAontas Eorpach ag forbairt sa tréimhse romhainn. Níl amhras ach go bhfuil tionchar ollmhór ag an Aontas Eorpach ar gach gné dár saol agus go bhfuil gá go mbeadh guth an phobail le cloisteáil agus forbairtí breise a bheartú. Bhí áthas orm go raibh deis agam cearta teanga phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge, agus go deimhin cearta teangacha san Eoraip trí chéile, a ardú. Bhí mé in ann tagairt a dhéanamh freisin do na deiseanna a bheidh ag teacht chun cinn san Aontas Eorpach do chainteoirí Gaeilge agus deireadh ag teacht le díolúine na Gaeilge ag deireadh na bliana seo. Luaigh mé freisin na ceachtanna a bhí le foghlaim ón bhfeachtas chun cearta don Ghaeilge a bhaint amach san Eoraip agus obair ar siúl faoi láthair chun cearta teanga a bhaint amach inár dtír féin, agus Acht na dTeangacha Oifigiúla ag dul tríd Thithe an Oireachtais. Mholfainn go láidir do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge an deis a thapú chun a nguthanna féin a chur le guthanna pobal na hEorpa trí chéile fad is atá an próiseas seo ar siúl.”
Labhair an tAire Stáit um Gnóthaí Eorpacha, Thomas Byrne TD le rannpháirtithe an imeachta seo a d’eagraigh Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha, mar chuid de shraith imeachtaí dá macasamhail timpeall na tíre.
Is féidir le duine ar bith a gcuid tuairimí a léiriú mar chuid den phroiseas seo ar an ardán ilteangach trí Ghaeilge ag https://futureu.europa.eu/?locale=ga nó trí rphost chuig Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn ag conference@europeanmovement.ie .
Le haghaidh tuilleadh eolais, lean #IrelandCOFOE
-Críoch –
Ceisteanna Preasa: Lisa Nic an Bhreithimh, Ceanasaí Cumarsáide agus Oideachais, Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn | 087 9503539 | r: lisa@europeanmovement.ie
Meáin shóisialta: twitter.com/emireland | facebook.com/emireland | linkedin.com/company/european-movement-ireland | instagram.com/europeanmovementireland/
Nótaí
- Tuilleadh eolais faoi Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn: https://bit.ly/EMIGaeilge
- Tuilleadh eolais faoin gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (trí Ghaeilge): https://futureu.europa.eu/pages/about?locale=ga
- Tá urlabhraithe Gaeilge ar fáil le hagallaimh a dhéanamh leis na meáin Gaeilge.