Ó 1954, tá Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn ag obair chun an nasc idir gach réimse saoil i sochaí na hÉireann agus an Eoraip a chothú agus a láidriú. Creidimid gur cheart go mbeadh comhrá leanúnach idir muintir na hÉireann agus institiúidí an AE seachas soláthar eolais ón mbarr. I nGluaiseacht na hEorpa in Éirinn bainimid leas as a bheith mar chuid den líonra idirnáisiúnta EM International a bheith mar ionadaithe d’Éirinn agus eolas a roinnt faoin AE anseo i measc muintir na hÉireann.
Oibrímid chun :
Eolas a chur ar fáil
- Eolas cuimsitheach a chur ar fáil faoin Eoraip ar shlí atá soiléir agus intuigithe
Tuiscint a chothú
- Tuiscint a chothú i leith na n-instiúidí, ról an AE agus conas mar a n-oibríonn sé
Buntáistí a fhógairt
- Buntáistí ár mballraíocht san AE a fhógairt agus an tionchar a bhíonn acu sin ar ár saol laethúil
Nuacht a roinnt
- Nuacht agus forbairtí reatha an AE atá tábhachtach do mhuintir na hÉireann a roinnt
Naisc a chothú
- Naisc a chothú agus tacaíocht a thabhairt chun gaoil idir instiúidí an AE agus an pobal a láidriú – i ngach gné den sochaí
Firicí a leagan amach
Dioschúrsa cothrom a spreagadh agus firicí a leagan amach ar chúrsaí na