
Tacaíonn 82% le ballraíocht na hÉireann san AE, mar sin féin, creideann 43% nach ndéantar ionadaíocht ar a dtuairimí ag leibhéal an AE
08 Bealtaine 2025
Tá tacaíocht do bhallraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach láidir fós ag 82% in 2025, ach tá sí tar éis titim chuig a leibhéal is ísle ó bhí 2013 ann. Agus é ar an bhfód anois le dhá bhliain déag anuas, is é Pobalbhreith Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn, a reáchtáiltear le Amárach Research, an t-aon phobalbhreith ar oileán na hÉireann atá dírithe ar ghnóthaí na hEorpa.
Cé go bhfuil tacaíocht láidir don AE seasmhach fós, creideann 43% in Éirinn nach ndéantar ionadaíocht ar a dtuairimí ag leibhéal an AE. Ina theannta sin, mothaíonn 34% nach bhfuil an AE ag cloí lena bhunluachanna agus tá 26% míshásta leis an treo ina bhfuil sé ag dul. Leagann siad a míshástacht ar cheisteanna amhail an fhreagairt don imirce (35%), rialáil an AE (24%), míleatú an AE (24%), agus an tuairim ann sa dá dhlínse gurb é an AE is laige ar cheist na himirce in Éirinn (51%) agus i dTuaisceart Éireann (50%).
San am céanna, tá 36% míshásta le ról agus tionchar na hÉireann sa Bhruiséil. Tá sé seo ag tarlú tráth go bhfuil Éire faoi ghannionadaíocht in institiúidí an AE fós, lena leagtar béim ar an ngá leanúnach le píblíne ghairme Éireannach láidir a chur chun cinn agus a chothú laistigh den AE.
Agus í ag labhairt faoi thorthaí na pobalbhreithe AE 2025 de chuid Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn le Amárach Research, dúirt Noelle O Connell, POF Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn; “Is údar misnigh é tacaíocht láidir do bhallraíocht an AE a fheiceáil in Éirinn, cé go bhfuil meath ann le blianta beaga anuas. Agus muid anois i mbun pobalbhreitheanna le dhá bhliain déag anuas, is léir nach féidir linn a bheith réchúiseach, agus a míshástacht á cur in iúl ag roinnt daoine i dtaca le treocht reatha an AE agus le tionchar na hÉireann ag leibhéal an AE.
Agus muid ag tráth cinniúnach i gcúrsaí polaitíochta na hEorpa le hiarrachtaí chun an cogadh san Úcráin a thabhairt chun deiridh ag dul i dtreise, na fadhbanna leanúnacha maidir le cúrsaí trádála AE-SAM a d’fhéadfadh go mbainfeadh impleachtaí tromchúiseacha leo d’Éirinn, agus tionchar an phobalachais ag dul i méid, i measc ceisteanna eile, tá sé tábhachtach go mothaíonn saoránaigh go dtugtar cluas éisteachta dá dtuairimí ar fud gach leibhéal den AE.”
Léirítear le pobalbhreith GE in Éirinn 2025 go leagann daoine tábhacht ní hamháin ar cheisteanna sa bhaile ach ar cheisteanna maidir le polasaí eachtrach. Luadh an costas maireachtála (56%) mar an cheist is práinní do dhaoine sa Phoblacht, go háirithe do dhaoine óga, le cúrsaí tithíochta (41%) ann go láidir freisin i measc na gcúig ábhar imní is mó atá ag freagróirí, in éineacht le himirce (53%). Mar sin féin, bhí caidreamh AE-SAM (44%) freagairt an AE do choimhlint na Rúise-na hÚcráine (43%) agus do choimhlint Iosrael-na Palaistíne (41%) ina n-ábhair suntasacha imní freisin. San am céanna, luaigh freagróirí i dTuaisceart Éireann coimhlint Iosrael-na Palaistíne mar an t-ábhar imní is mó atá acu ag leibhéal an AE (52%).
Cé gur léirigh roinnt daoine míshástacht le míleatú an AE (24%), creideann 50% sa Phoblacht gur cheart go mbeadh Éire mar chuid de chomhoibriú cosanta agus slándála AE méadaithe, le 32% ag cur ina éadan agus 18% éiginnte. Chuir daoine óga, idir 18-24 bliain d’aois, an éiginnteacht is mó in iúl (30%), agus bhí difríocht shuntasach ann maidir leis an tacaíocht a léiríodh do chomhoibriú cosanta agus slándála méadaithe idir mná (38%) agus fir (62%).
Dúirt Iníon O Connell; “Léirítear go soiléir le pobalbhreith na bliana seo go bhfuil muintir na hÉireann buartha faoi cheisteanna baile agus domhanda araon – ón chostas maireachtála agus cúrsaí tithíochta chuig caidreamh an AE-SAM agus freagairt an AE don imirce agus do choimhlintí idirnáisiúnta. De réir mar a leanann an díospóireacht faoi thodhchaí slándála agus cosanta na hEorpa ar aghaidh, tá sé níos tábhachtaí ná riamh go gcothaítear iontaoibh, dialóg agus tuiscint maidir leis an gceist chasa seo.”
In ainneoin na réimse imní ar a tarraingíodh aird sa phobalbhreith, tá 47% d’fhreagróirí in Éirinn sásta le treo an AE. Ag tráth suaite agus géarchéime domhanda nach bhfacthas riamh roimhe, tá tacaíocht láidir ann do na tairbhí a bhaineann leis an AE i dtaca le tionchar agus gníomh comhchoiteann, le haontacht agus comhoibriú (41%), seasmhacht agus slándáil (16%) i measc na bpríomhchúiseanna go gcreidtear go bhfuil an AE ag dul sa treo ceart. Luadh buntáistí eacnamaíocha (19%) mar ghné thábhachtach freisin.
Ina theannta sin, cé go bhfuil ann do roinnt mhaith éiginnteachta maidir le cúrsaí trádála amach anseo, bhí freagróirí sa dá dhlínse den bharúil go raibh feidhmíocht an bhloic láidir, 40% in Éirinn agus níos airde arís ag 49% i dTuaisceart Éireann. D’éirigh go maith leis an AE freisin maidir lena bhainistíocht de gheilleagar na hEorpa in Éirinn (21%).
Dúirt Iníon O Connell; “Is díol suntais é freisin go bhfuil iontaoibh á coimeád ag an AE maidir lena fheidhmíocht trádála faoi scáth na héiginnteachta i dtaca le taraifí. Chomh maith céanna, is údar misnigh iad na barúlacha láidre maidir le bainistíocht an AE ar gheilleagar na hEorpa in Éirinn, lena dtarraingítear aird ar chumas an AE cláir oibre ríthábhachtacha a sholáthar.”
Tugtar le fios freisin le Pobalbhreith Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn 2025 go dtacódh móramh le hÉirinn Aontaithe laistigh den AE, le 67% i dTuaisceart Éireann agus 62% in Éirinn i bhfabhar. Is airde an cur i gcoinne d’Éirinn Aontaithe san AE sa Tuaisceart (27%) i gcomparáid leis an Deisceart (16%), agus é ráite ag sciar níos airde sa Phoblacht (22%) nach bhfuil a fhios acu, i gcomparáid le (7%) i dTuaisceart Éireann.
Creideann móramh suntasach sa Tuaisceart (60%) nár tháinig aon fheabhas ar chaidreamh Thuaisceart Éireann leis an AE mar thoradh ar athruithe sa chaidreamh AE-RA tar éis an Bhreatimeachta, ní aontaíonn ach 29%, agus tá 11% éiginnte fós.
I measc na dtorthaí suntasacha, tá meath mór ann i dtaca le hiontaoibh sna hinstitiúidí agus é curtha in iúl ag móramh in Éirinn (40%) agus i dTuaisceart Éireann (39%) nach bhfuil iontaoibh acu as institiúidí rialála, agus gan ach 30% sa Phoblacht ag cur iontaoibh as an AE agus Rialtas na hÉireann in iúl. Is díol spéise é gurb é an AE is mó a bhfuil iontaoibh ag beagnach an leathchuid (49%) de dhaoine idir 18-24 bliain d’aois as, agus gurb é an AE an institiúid is mó a bhfuil iontaoibh as (29%) i dTuaisceart Éireann, leis an leibhéal iontaoibhe is lú (6%) curtha in iúl i leith Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann, é chun cúil de bheagán ar Rialtas na RA (7%).
