Beidh Toghcháin Pharlaimint na hEorpa ar siúl ar fud na hEorpa ón 23-26 Bealtaine 2019. In Éirinn beimid ag vótáil Dé hAoine, 24 Bealtaine 2019. Mar chuid dár bhfeachtas i nGluaiseacht na hEorpa in Éirinn – chun feasacht a ardú i measc muintir na hÉireann faoi thoghcháin na hEorpa, beimid ag leanúint scéalta 6 ghuthanna Éireannacha ar 6 ábhar éagsúla agus ag fiosrú na gcúiseanna go bhfuil a gcuid ábhar tábhachtach i dToghcháin Pharlaimint na hEorpa.
Meet Áine

Communications / Cúrsaí Cumarsáide
Profile
- Name: Áine
- County: Co. Donegal
- Occupation: Translator
- Age: 30
Why it’s important to engage in the upcoming elections on communications
Heileo! Is mise Áine as Gaoth Dobhair i nDún na nGall. Mar chuid de mo mháistreacht san aistriúchán dlí le Scoil na Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, bhí deis agam dul chun na Bruiséile chun intéirneacht samhraidh a dhéanamh le Coimisiún na hEorpa. D’oibrigh mé le roinnt daoine spéisiúla a raibh sé de fhreagracht acu doiciméid AE a aistriú go Gaeilge toisc stádas na teanga mar theanga oifigiúil an Aontais. I rith m’ama sa Bhruiséil, bhuail mé le roinnt cairde iontacha ó áiteanna ar fud na hEorpa. Bímid i dteagmháil lena chéile anois go rialta mar sin tá sé fíorthábhachtach dom gur féidir linn taisteal go héasca timpeall na hEorpa. Tá duine de mo chairde Francacha ag bogadh go Baile Átha Cliath a bheith ag obair i rannóg na teicneolaíochta fáisnéise go luath, bhí sé buíoch as an deis teacht go hÉirinn don obair. D’fhás mé aníos ag labhairt Gaeilge sa bhaile i nGaeltacht Dhún na nGall, d’fhoghlaim mé Béarla nuair a chuaigh mé ar scoil agus ar ball rinne mé staidéar ar an bhFraincis. Is breá liom teangacha mar sin tá sé fíorthábhachtach dom bheith i mo shaoránach Eorpach, bheith in ann taisteal timpeall na hEorpa go héasca, agus bheith ag obair leis an nGaeilge agus an Fhraincis. Tá mé ag obair i nDún na nGall faoi láthair ach tá súil agam bogadh ar ais chun na Bruiséile go luath. Tá go leor deiseanna fostaíochta do shaoránaigh Eorpacha leis na hinstitiúidí Eorpacha, go háirithe do chainteoirí Gaeilge faoi láthair. Ní féidir liom fanacht le bogadh ar ais ann!
[EN]
I’m Áine from Gaoth Dobhair in Donegal. As part of my master’s in legal translation with the School of Irish in UCD I got the chance to visit Brussels for a summer internship with European Commission. I worked with lots of interesting people whose job it was to translate all official EU documents to Irish because of the language’s status as an official language of the Union.
During my time in Brussels I made some great friends from all over Europe. We keep in touch now and regularly visit each other so it’s really important to me that we can travel easily throughout Europe. One of my French friends is moving to Dublin to work in the IT sector soon, he was glad of the opportunity to come to Ireland to work.
I grew up speaking Irish in the Donegal Gaeltacht, learned English when I went to school and later studied French. I love languages so being a European citizen, travelling around Europe and working with Irish and French is important to me. I’m working in Donegal at the moment but hope to move back to Brussels soon. There are lots of employment opportunities for European citizens with the EU institutions, especially for Irish speakers at the moment. I can’t wait to move back!