Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa - Gaeilge

📅 15.00 – 17.00 (Dublin) | Déardaoin, 4 Samhain 2021 | Zoom

lúcháir ar Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn, i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha, cuireadh a thabhairt duit páirt a ghlacadh i bplé ar líne trí Ghaeilge ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa.

Tá lúcháir orainn cuireadh a thabhairt duit a bheith linn ag deis uathúil do chainteoirí Gaeilge na dúshláin agus na deiseanna atá os comhair na hEorpa a phlé, mar chuid den phróiseas Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa atá ar siúl ar fud an Aontas Eorpaigh.

Teastaíonn uainn go nglacfaidh tú páirt i bpainéal cainteoirí Gaeilge chun do chuid smaointe a iniúchadh ar an méid a dhéanann an AE go maith, ar cad ba cheart dó a dhéanamh, agus ar a gcaithfidh sé a dhéanamh níos fearr d’fhonn a chumas gníomhú a mhéadú agus é a dhéanamh níos daonlathaí. Tar éis réamhrá gairid, pléifear na saincheisteanna seo sula dtiocfaidh siad le chéile mar ghrúpa iomlán chun gach smaoineamh a iniúchadh agus fís a chur ar aghaidh maidir le todhchaí an AE.

Chun teagmháil a dhéanamh leis an AE, caithfimid muid muid féin a fheiceáil san Eoraip – sna daoine atá sna hinstitiúidí, sna cinntí a dhéantar agus sna tionchair ar ár saol laethúil. Ba mhaith linn labhairt le trasghearradh éagsúil, ionadaíoch de shochaí na hÉireann agus a gcuid smaointe a chur leis an bplé Eorpach níos mó, agus mar sin tá do rannpháirtíocht ríthábhachtach.

Dá mbfhearr leat páirt a ghlacadh sa phróiseas seo trí mheán na Gaeilge, bí i dteagmháil linn ag  conference@europeanmovement.ie agus labhróimid leat faoi conas is féidir sin a dhéanamh.